Cainteanna

Tá cáil ar Dermot Somers mar léachtóir is mar chainteoir phoiblí, i nGaeilge agus i mBéarla, réimse leathan ábhar ar a thoil aige. Cuirtear cainteanna in oiriúint don ócáid.

Dreapadóireacht agus Eachtraíocht

Dreapadóireacht agus Eachtraíocht

Tuilleadh eolais »

Ábhair ó thimpeallacht na hÉireann (siúl, dreapadh, tírdhreach is oidhreacht) go hÉadan Thuaidh an Eiger – ó El Capitan go Tascair Himiléitheacha; Móréadain Thuaidh (6) na nAlp… Lárphiléar Freney, &rl…

Turais Fhánaíochta

Turais Fhánaíochta

Tuilleadh eolais »

Scéalta agus pictiúir Dhiarmaid a léiríonn cultúr agus timpeallacht choimthíoch ar fud an domhain…

— Tréadaíocht Réinfhianna na Sibéire
— Camaill agus Trádáil shalainn sa Sahára
— Fánaíocht earraigh i sléibhte na hIaráine
— Trasna na Himiléithe le geacanna (agus páistí) Dolpo

An-oiriúnach le haghaidh scoileanna!

Stair, Miotas agus Dúchas: An Táin i dTimpeallacht na hÉireann Inniu

Stair, Miotas agus Dúchas: An Táin i dTimpeallacht na hÉireann Inniu

Tuilleadh eolais »

Leantar arm Mhéabha trasna na tíre ó Ros Comáin (áit dhúchais Dhiarmaid) go Cuaille, Co. Lú. Léirítear na campaí, na cathanna, na háthanna, na gaiscígh is na bithiúnaigh. Aimsítear folachán an tairbh i ngleann beag sléibhe…

An-oiriúnach le haghaidh scoileanna

Ó Shliabh na Caillí go hImeall an Domhain

Ó Shliabh na Caillí go hImeall an Domhain

Tuilleadh eolais »

Séadchomharthaí agus miotais ó mhullaí na hÉireann go locha is teampaill an Bhúdachais, le chríoch chuimhnitheach i gcathair san Astráil…

Taiscéalaíocht Artach: Leopold McClintock agus an Tascar Caillte

Taiscéalaíocht Artach: Leopold McClintock agus an Tascar Caillte

Tuilleadh eolais »

Rugadh Francis Leopold McClintock (1819-1907) i nDún Dealgan, Co. Lú. Bhí sé de cháil air mar thaiscéalaí Artach gur réitigh sé dúrún an Tiarna Franklin – mistéir an tascair a d’imigh glan as radharc in oighear an tuaiscirt sa bhliain 1845 le 129 fear ar bord dhá long.

Bhain McClintock gradam aimiréil amach i gCabhlach Ríoga Shasana.

Léiríonn an chaint seo críoch thubaisteach an tascair úd, chomh maith le turais McClintock i dtimpeallacht sceirdiúil an Artaigh.

Bunaithe ar thuras a rinne Diarmaid chun an Artaigh agus clár faisnéise á dhéanamh faoi thascar Franklin.

Taiscéalaíocht san Astráil

Taiscéalaíocht san Astráil

Tuilleadh eolais »

Bhí an tÉireannach Robert O’Hara Burke ar an gcéad duine (Eorpach ar aon nós) trasna na hAstráile ó chósta go cósta. Oifigeach póilíní, chuaigh sé ó Melbourne ar an gcósta ó dheas díreach ó thuaidh sa bhliain 1860-61. Cailleadh é go traigéideach le formhór a bhuíne ar an mbealach ar ais.

Ceithre mhí caite ar shiúl aige shroich O’Hara Burke a bhunchampa i gcroílár na hAstráile naoi n-uaire a chloig taréis dá ghrúpa tacaíochta an campa a thréigean.

Tharraing O’Hara Burke an traigéid air féin le heaspa taithí, le hearráid, agus leis an gciníochas a léirigh sé i leith Bhundúchasaigh na hAstráile, daoine a mhair leis na mílte bliain sa timpeallacht a mharaigh an tÉireannach…

L’Arbre du Ténéré: An Crann is Iargúlta ar Domhan

L’Arbre du Ténéré: An Crann is Iargúlta ar Domhan

Tuilleadh eolais »

Taisteal agus stair sa Sahára…