Beathaisnéis
Rugadh Dermot Somers i gCo. Roscomáin. Scríbhneoir, craoltóir, cainteoir poiblí, agus sléibhteoir is ea é, ina chónaí i nDroichead Átha, Co. Lú, lena bhean chéile, Maeve.
Tá go leor scannáin fhaisnéise curtha i láthair aige ar TG4 agus RTÉ; Taisteal, Eachtraíocht, Cultúr is ábhar dóibh, ina measc, Turas i mBaol, sraith a leanann turais le treibheanna tréadacha ar fud an domhain – sa tSibéir, sa Sahára, san Iaráin agus trasna na Himiléithe.
Tá an domhan siúlta ag Dermot mar shléibhteoir chomh maith, agus suim faoi leith aige sna hAlpa is na Himiléithe.
Dermot Somers » Beathaisnéis