Leabhair
Buaic

Foireann sléibhe agus foireann cheamara. Caidreamh idir athair agus mac. Easpa muiníne eatarthu ón tús. Scéal eachtrúil lonnaithe ar an sliabh is airde ar domhan. Mike ag iarraidh ceird an cheamara a léiriú dá mhac, Liam. Briseadh tógtha ag Liam chun taisteal chun na Tibéide. Cuireann sé aithne ar na Siorpaigh agus ar Rai óg atá ag obair sa Bhun-Champa. A gcuid spriocanna casta féin ag Dixon agus ag Max. Gliondar agus sceon, bás agus tarrtháil, tarlaíonn eachtraí ar learga Everest a chuireann gach rud bunoscionn.
Scéal idirnáisiúnta agus eachtraí il-leibhéil ann, ó pheann greanta Dermot Somers, máistir ar cheird an phinn agus ar ealaín na heachtraíochta daonna.
Bhuaigh a shaothar Gaeilge Rince ar na Ballaí (Cois Life 2002) mórdhuais Oireachtais. Is é Buaic an chéad saothar ficsin aige i nGaeilge.
Fuair an t-údar tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Bhord na Leabhar Gaeilge chun an saothar seo a scríobh.
Ar Muir is ar Sliabh

Duais Oireachtais 2009
Sraith nua teilifíse an dúshlán léirithe agus eachtraíochta faoin aer atá roimh Bhrian agus Lise. Fiche-aoisigh, agus iad aclaí, dathúil. Eatarthu beirt, na tréithe agus na buanna acu chun dul i ngleic le guaisbhearta na heachtraíochta agus lucht féachana teilifíse a mhealladh.
Tá Brian ar a chompord ar tír, san aer. Féith na mara is treise i Lise. Cuireann an tsraith faoi bhrú iad, gach duine faoi shrian a chumais féin.
Rince ar na Ballaí

Cuntas é Rince ar na Ballaí ar a chuid eachtraí sléibhteoireachta agus dreapadóireachta sna hAlpa agus sna Himiléithe, agus ar thuras dá chuid sa Sahára le camaill agus conair ársa na ndíoltóirí salainn á leanúint acu. Tá saothar foilsithe ag Dermot cheana féin i mBéarla ach is é Rince ar na Ballaí a chéad leabhar i nGaeilge. Cuntas atá sa leabhar ar a shaol sléibhteora, i stíl shnoite ardcheardúil. Eachtraí a bhain de, daoine a bhí ina theannta, seanchas an tsléibhe, agus a chuid tuiscintí féin ar a cheird agus ar an daonnacht, atá ann agus an t-iomlán fite aige i dtráchtaireacht leanúnach nach bhfuil gann ar an ngreann bearrtha. Creidimid gur sárleabhar é seo ó dhuine de scéalaithe agus de ghuthanna sainiúla na haimsire seo. Tá na carachtair agus na daoine curtha ina steillebheatha aige ar an leathanach ar shlí a bheireann bua ar an scáileán féin.
Tá grianghraif Dermot féin sa leabhar mar aon le gluais de théarmaí Gaeilge.
Dermot Somers » Leabhair